Measunú trí Ghaeilge - Treoir Phraiticiúil


Measunú trí Ghaeilge - Treoir Phraiticiúil.pdf

Treoir Phraiticiúil agus Ábhar Tacaíochta do Mhúinteoirí Bunscoile

Oideachas Speisialta – Áiseanna Scoile Uile

D’eascair an Leabhrán seo as an taighde Freastal ar Riachtanais Speisialta Oideachais i mBunscoileanna Gaeltachta: Tuarascáil Taighde 2024 (COGG). Is í Anne English údar an Tuarascála Taighe agus thuig sí agus í i mbun an taighde an gá a bhain leis na háiseanna measúnaithe go léir atá ar fáil a chur le chéile agus a chur ar fáil in aon áit amháin. Tuigtear go maith nach bhfuil an líon nó an réimse céanna áiseanna agus trialacha measúnaithe ar fáil d’earnáil an tumoideachais is atá ar fáil d’earnáil an oideachais sa Bhéarla, ach ag an am céanna tá níos mó ar fáil ná mar a cheaptar.

Fad is a bhí an liosta á chur le chéile agus cuardach cuimsitheach ar bun le cinntiú go raibh gach áis atá ar fáil luaite sa leabhrán, lorgaíodh comhairle agus cabhair ar an-chuid daoine agus eagraíochtaí éagsúla. Gabhtar buíochas le daoine as a gcuid eolais a roinnt léi agus as a gcuid comhairle chomh maith.

Ar fáil thíos.

Leagan PDF

Leabhrán ar Líne

Leabhrán ar Líne cliceáil anseo.