Measúnú Múnlaitheach ar Scileanna Litrithe


Leagan Trialach - Measúnú Múnlaitheach

Oideachas Speisialta - Áiseanna Scoile Uile

Is measúnú múnlaitheach ar scileanna litrithe é seo. Is í príomhsprioc an mheasúnaithe seo na páistí a aithint a bhfuil breis tacaíochta uathu chun go mbeidh múinteoirí in ann tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh. 

Cuirtear eolas ar fáil i Lámhleabhar an Mhúinteora mar gheall ar chur i bhfeidhm na tástála, agus déantar cur síos ar an mbealach le torthaí an mheasúnaithe a nascadh le gníomhaíochtaí tacaíochta/idirghabhálacha ar leith sa doiciméad Próifíl an Dalta: Treoir don Mhúinteoir.

Tá an measúnú seo dátheangach; cuirtear trí thriail litrithe ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Is leagan trialach/béite é seo den triail, agus cuirfear an-fháilte roimh aiseolas. Is féidir dul i dteagmháil le hEmily ag ebarnes@tcd.ie más mian leat moltaí a chur ar fáil faoin tástáil.

Dearadh an áis seo mar chuid d’obair lárionad taighde SEALBHÚ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Mhaoinigh COGG an measúnú.

Leabhrán an Mhúinteora

Bileoga an Dalta

Bileog an Dalta - Bréagfhocail

Bileog an Dalta - Pseudowords

Treoir don mhúinteoir - Próifíl an Dalta

Próifíl an Dalta - Glan

Próifíl an Dalta - Samplach

Comhad Excel

Comhad Excel.xlsx