Imoibriú

Físeán Eolaíochta (Ceimic) don tSraith Shóisearach
Eolaíocht - An tSraith Shóisearach
Is tábhachtaí an eolaíocht anois ná riamh sa saol againn. Cabhróidh an físeán seo le scoláirí na pointí eolaíocha is casta a thuiscint. Cuireann Aoibhinn Ní Shúilleabháin i láthair iad.
Tá an físeán seo mar chuid de sraith 18 bhfíseán do scoláirí atá ag déanamh staidéir ar eolaíocht na Sraithe Sóisearaí. Is acmhainn luachmhar é freisin do mhúinteoirí atá ag múineadh fisice, ceimice agus bitheolaíochta trí Ghaeilge. Tá míniú simplí ar roinnt de na coincheapa is casta san eolaíocht – agus tá litriú na dtéarmaí Gaeilge le feiceáil go soiléir ar an scáileán freisin. Tá treoracha ar fáil do mhúinteoirí chun an leas is mó a bhaint as na físeáin.
Féach thíos don fhíseán agus d'fhíseáin cheimice eile.