Spreag an Ghaeilge le Spraoi

Spreag an Ghaeilge le Spraoi.pdf
Leabhrán an Mhúinteora agus Físeáin Tacaíochta
Gaeilge - Áiseanna Scoile Uile
Foilsíodh Spreag an Ghaeilge le Spraoi den chéad uair sa bhliain 2010. Ba chomhthionscnamh é idir an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna agus an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tá Spreag an Ghaeilge le Spraoi ar an bhfoilseachán is mó éilimh ag COGG, rud a dheimhníonn an úsáid shuntasach a bhaineann scoileanna as, agus rud a dheimhníonn an fiúntas a bhaineann leis. Is cúis áthais dúinn an dara heagrán a fhoilsiú, eagrán atá uasdátaithe agus ag teacht le Curaclam Teanga na Bunscoile atá á chur i bhfeidhm i scoileanna ó 2015 i leith.
Is féidir teacht ar ghearrthóga físe de na cluichí ag na naisc thíos.