Obair Bhaile sa Chorpoideachas

Obair Bhaile sa Chorpoideachas.pdf
Leabhrán don Mhúinteoir ón SFGM
Corpoideachas - Áiseanna Scoile Uile
Ba mhúinteoirí bunscoile a d’fhorbair an acmhainn seo chun eispéireas Corpoideachais do linbh a thabhairt abhaile. Tá gníomhaíochtaí Obair Baile sa Chorpoideachas - Bí Gníomhach Gach Lá deartha chun cur leis na gníomhaíochtaí atá á bhfoghlaim ag do leanbh ar scoil. Léirítear i dtaighde go bhfuil an corpoideachas ina dhlúthchuid d’oideachas do linbh, go gcuireann sé deiseanna riachtanacha ar fáil don fhorbairt fhisiciúil, shóisialta, mhothúchánach agus intleachtúil. Is mó an seans go leanfaidh leanaí, a mbíonn lúcháir orthu ag spraoi trí mheán na luaile ar scoil, go leanfaidh siad ar aghaidh a bheith gníomhach níos moille sa saol, má bhíonn an deis acu an méid atá foghlamtha acu a chleachtadh i raon leathan timpeallachtaí, mar shampla sa bhaile agus sa phobal. Cuireann seo ar a gcumas dóibh Inniúlacht Fhisiciúil a fhorbairt.
Ar fáil thíos.