Ar Aghaidh Linn
Ar Aghaidh Linn.pdf
Leabhrán Tacaíochta
An tSraith Shóisearach - OSPS
Leagan ar líne ar fáil anseo.
D’eascair an smaoineamh don acmhainn seo as ceardlanna a chuir COGG ar fáil do Chomhordaitheoirí Riachtanas Speisialta Oideachais ar fud na tíre chun na bearnaí maidir le hacmhainní RSO a aithint. Léirigh na comhordaitheoirí go soiléir go raibh géarghá le leabhrán caighdeánach do Ghaelcholáistí, do Scoileanna Gaeltachta agus d’Aonaid Ghaeilge chun tacú le hionduchtú scoláirí na chéad bhliana. Cé go bhfuil go leor acmhainní ar fáil a phléann le gnéithe éagsúla den aistriú chuig an iar-bhunscoil, ní raibh acmhainn ann a dhíríonn go sonrach ar na gnéithe uathúla a bhaineann leis an nGaeloideachas agus le hOideachas Gaeltachta in Éirinn.
Sa leabhrán seo rinneamar ár ndícheall blaiseadh cuimsitheach a thabhairt de na topaicí éagsúla a bhíonn mar chuid d’ionduchtú i scoileanna Gaeilge, gan dul thar fóir ná dúbláil a dhéanamh ar ábhair eile ar nós OSPS. Clúdaítear topaicí a bhaineann le socrú isteach, amhail amchlár, eagrúchán, rialacha agus nósanna na scoile, suaitheantas agus mana na scoile, chomh maith le gníomhaíochtaí seach-churaclaim. Pléitear freisin na mothúcháin a bhíonn le brath go láidir sna chéad seachtainí den iar-bhunscoil, mar shampla, cairdeas, bulaíocht, cuimhní ar an mbunscoil, agus spriocanna pearsanta don bhliain amach roimh na scoláirí.
Tugtar deis do scoláirí machnamh agus aireachas a chleachtadh i ngníomhaíochtaí scríbhneoireachta agus dathúcháin. Déantar plé chomh maith ar na Gaeltachtaí, ar fhrásaí úsáideacha Gaeilge don saol scoile, ar Amhrán na bhFiann agus ar amhráin eile a mheasaimid atá tábhachtach do scoláirí atá ag tosú amach san earnáil seo. Tá smaointe éagsúla san áireamh freisin do chluichí cur in aithne agus do ghníomhaíochtaí eile a chothaíonn muintearas agus féinmhuinín mar chuid d’ionduchtú na chéad bhliana.
Tuigimid go mbíonn gach scoil agus gach comhthéacs éagsúil. Dá bhrí sin, is faoi fhoireann scoile na topaicí is oiriúnaí dá scoláirí féin a roghnú mar chuid dá gclár ionduchtaithe. Tá súil againn go mbeidh an acmhainn seo tairbheach do scoileanna agus do scoláirí agus iad ag tabhairt faoin gcéad chéim eile dá dturas oideachais trí mheán na Gaeilge.

